An obair a thosaigh sé ar nuair a chuaigh sé go Glaschú ar dtús, leis “An Corporation” a bhí sé ag obair. Bhí fir eile as an bhaile ag obair ansin fosta. D’oibrigh sé leis na feirmeoirí ag draenáil díoga fosta. Ansin thosaigh sé gnó dena chuid féin “Sweeney Drainage”. D’oibrigh sé thart fríd Ghlaschú agus amuigh sa tír. Tá thart ar 30 nó 40 duine ag obair dó anois.